Jack

Is dán grá é an dán Jack atá scríobhthe le Máire Mac an tSaoi. Duine áitiúil ba ea Jack a raibh cion ag an bhfile air agus í ina cailín ar saoire samhraidh i nDún Chaoin. Tá an file ag smaoineamh ar chumann a bhí aici le “strapaire fionn sé troithe ar airde” a bhuail sí leis nuair a bhí sí ar saoire. Is iad na tréithe is mó atá le sonrú sa dán ná saibhreas na Gaeilge. Na comhfhuaimeanna agus an usáid a bhaineann an file as rithimí nádútha na teanga.

Is iad na mothúcháin is mó atá le brath sa dán ná lúcháir agus aoibhneas an chailín agus í faoi gheasa an óganach dathúil le linn di bheith ar saoire samraidh i nDún Chaoin. Cé nach bhfuil aiféala uirthi de bharr nár tháinig aon rud ar an gcumann a bhí eatarthu, fós féin spreagann cuimhne an tsamraidh  úd cumha agus dea cuimhní i gcroí an fhile.
“Dob é an samradh seo mo rogha pháirtí é”

Cuireann an file pictiúr gléineach den ógánach os ár gcomhair sa dán. Deir sí gur “strapaire fionn sé troithe ar airde” a bhí ann is go raibh tréith taitneamhaca mealltach ag baint leis-“a gháire ciúin ná a chaint shibhialta”. Tugann sé taitneamh don fhear óg.
“Ina léine bhán is a ghruaig nua chíortha buí fón lampa ar bheagán íle”

Cruthaítear atmaisféar iontach den halla rince tuaithe sa dán. Feicimid an file agus í “ar urlár soimint aige ag rince”. Feicimid an bheirt acu ag rince le chéile.
“ a ghéaga im thimpeall….agus é siúd ina léine bhán..”

Is aoibhinn liom an dán seo mar faighimid léargas ar shaol traidisiún na tuaithe. Is scathán í ar chroí agus ar mheon an bhfile ag an am.